Episode details

Available for 21 days
Deireadh seachtaine mór i bpeil na bhfear leis an tSraith Náisiúnta ag druidim chun deiridh, agus i bpeil na mban, é deimhnithe ag Ard Mhacha go mbeidh peil Roinn a hAon á himirt acu an bhliain seo chugainn le bua i gcoinne Chiarraí. Tá na scéalta ar fad ag Gráinne McElwain. San iomáint, tá tuairisc ag Réamaí Ó hEaráin dúinn ó choimhlint spleodrach Uile-Ultach, An Dún in éadan Aontroma ag Páirc Esler. Agus tá an t-anailísí sacair Laura Uí Dhonnabháin linn le súil a chaitheamh chun tosaigh ar na cluichí móra cáilithe Déardaoin ag foirne fear na Poblachta agus Thuaisceart Éireann, chomh maith le blaiseadh de chluichí cáilithe a gcomhghleacaithe ban.
Programme Website