Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 10

10. Aimsir, foighid, bhéarfadh sé an seilide go hIarúsailéim.
Cén sórt duine tusa? Is duine dáigh mise. An dtuigeann tú ‘dáigh’? Duine nach ngéilleann nó duine nach ngéilleann go furasta. Duine a bhfuil sprioc aige. Déanann an duine dáigh obair leis an sprioc sin a bhaint amach. Ní chuirfeadh rud ar bith an obair dá chúrsa. Bhuel, ní ghéillim féin go furasta. Tá sprioc agamsa. Tá mé ag caint leat faoin sprioc sin le tamall anuas anois… Tá muid i gcomhrá le chéile le tamall. Seans go bhfuil daoine ann a thosaigh ag éisteacht liom ach a d’éirigh as. Ní raibh siad dáigh go leor. Ní thabharfaidh muid ballraíocht dóibh sa chumann seo againn.

Ach tá tusa liom go fóill. Shiúil tú giota maith den bhealach liom. Tá tú ag siúl liom go fóill. Is maith sin. Molaim do mhisneach. Molaim do chuideachta. Tá mé buíoch díot as cuideachta a choinneáil liom. Níor bhuail muid le chéile ach is cairde muid. Sin é a chreidimse cibé ar bith. Is cairde muid. Níl amhras ar bith orm faoi sin.

Cén sórt duine atá ionat féin? Duine dáigh gan amhras. Duine misniúil fosta. Tógann sé misneach tabhairt faoin obair seo. Tógann sé misneach sprioc a bhaint amach. Is duine foighdeach tú fosta. Tagann tú ar ais gach aon oíche agus tugann tú cluas le héisteacht dom. Tagann tú ar ais gach aon oíche agus tugann tú comhairle dom tríd an ríomhphost. Bíonn foighde de dhíth leis sin a dhéanamh. Ní bheadh gach aon duine ábalta aige sin. Bíonn daoine mífhoighneach. Éiríonn siad feargach. Cuireann fadhbanna beaguchtach orthu. Éiríonn siad as an obair. Tugann siad cúl a gcinn leis an tionscadal. Tugann siad droim láimhe leis an obair.

Ní hamhlaidh duitse. Ní chuireann fadhbanna beaguchtach ortsa. Ní éiríonn tú as an obair. Ní thugann tú cúl do chinn leis an tionscadal. Ní thugann tú droim láimhe leis an obair. Sin é an fáth go réitíonn muid lena chéile. Sin é an fáth gur cairde muid – bíodh is nár bhuail muid le chéile riamh. Tá tusa sa bhaile ag éisteacht liom anocht, mar shampla. Bhí tú sa bhaile ag éisteacht liom inné is beidh tú sa bhaile ag éisteacht liom amárach. Is maith sin. Molaim do mhisneach. Molaim do chuideachta. Tá tú dochloíte. Is maith liomsa an tréith sin i nduine. Is maith liom a shamhlú go bhfuilim féin dochloíte fosta. Cinnte, tá daoine ann nach bhfuil meas acu orm. Tá daoine ann nach ndearna gar dom riamh. Tá daoine ann a cháin mé agus a cháineann go fóill mé. Tá daoine ann a chaith go suarach liom. Tá daoine ann a rinne beag is fiú de mo chuid taighde. Bíodh acu. Bás na bpuisíní orthu. Mairim beo i gcónaí!

Spreagann do chuideachta mé. Sin í an fhírinne. Déarfadh daoine gur strainséirí muid siocair nár bhuail muid le chéile riamh. Déarfadh daoine gur truacánta an cumann atá againn. Déarfadh daoine nach cairde muid. Seafóid, a deirim! Tá tusa amuigh ansin ag éisteacht liom. Is tusa an solas sa dorchadas. Is tusa an choinneal ar leac na fuinneoige. Is tusa an réalta sa spéir. Is tusa mo chara. Coinníonn tú cuideachta liom.

Imíonn an t-am go fadálach anseo. Tá an obair crua. Cá hiontas sin? Tá muid ag tabhairt faoi thionscadal mór. Ach tá ag éirí linn. Diaidh ar ndiaidh, tá cruth níos fearr ar an spásárthach seo. Sea. Spásárthach. Sin é an sprioc atá againn. Aimsir agus foighid, bhéarfadh sé an seilide go hIarúsailéim.

Tá an seilide seo de spásárthach ar an bhealach go hIarúsailéim. Bainfidh muid ár gceann scríbe amach. Mise agus tusa. Cuirfidh muid an tionscadal seo i gcrích. Amharcfaidh muid siar ar an aistear agus beidh muid bródúil. Molaim do mhisneach. Molaim do chuideachta. Molaim an seilide. Cogar seo, caithfidh mé imeacht. Beidh mé ar ais leat san oíche amárach. Go dté tú slán, a chara dhil. Coinnigh an choinneal lasta!

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 10'