Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 1

Is leor nod don eolach

Heileo, is mise Dónal. Seo é mo shuíomh idirlín. Éist liom. Éistear le mo ghlór. Tá fadhb agam. Tá fadhb agatsa. Tá fadhb againn uilig. Tá fadhb ag mo thírse. Tá fadhb ag do thírse. Tá fadhb ag gach uile tír. Tá fadhb ag gach tír ar domhan. Sin é an fáth go bhfuil mé ag craoladh chugat anocht.

Is eolaí mé. Tá spéis agam sa domhan. Tá spéis agam i gcúrsaí an domhain; tá spéis agam i gcúrsaí timpeallachta. Tá mé ar lorg eolais agus tá mé ar lorg díospóireachta. Creidim go bhfuil an domhan ag athrú. Níl rudaí mar is ceart leis an phláinéad. Tá rudaí ag athrú. Tá rudaí ag tarlú nár cheart bheith ag tarlú. Tá an aimsir bun os cionn. Tá eolaithe agus iriseoirí ag caint ar théamh domhanda le fada an lá.

Amharc amach an fhuinneog agus abair liom cad é a fheiceann tú? An bhfuil sé fuar? An bhfuil sé te? An bhfuil fearthainn ann? An bhfuil turadh ann? An bhfuil an ghaoth ag séideadh? An bhfuil an ghrian le feiceáil? An bhfuil néalta ann? An bhfuil stoirm ann? Cad é mar atá an aimsir san áit a bhfuil tusa?

Níl cúrsaí go maith anseo ar domhan. Tá rud éigin contráilte leis an aimsir. Tá sé te anseo inniu ach níor cheart dó bheith te; ba cheart dó bheith fuar. Tá an ghrian sa spéir. Níor cheart go mbeadh. Ba cheart go mbeadh sé dorcha; ba cheart go mbeadh fearthainn ann. Bíonn fearthainn anseo an t-am seo bliana de ghnáth. Bíonn fearthainn throm anseo an t-am seo bliana.

Ach níl fearthainn ann inniu. Agus ní raibh fearthainn ann inné. Agus ní raibh fearthainn ann arú inné nó arú arú inné. Ní raibh fearthainn againn le tamall mór fada. Tá sé tirim inniu. Bhí sé tirim inné agus arú inné agus arú arú inné. Tá sé tirim le tamall mór fada. Tá an lá inniu tirim geal grianmhar agus bhí an lá inné tirim geal grianmhar agus bhí an lá roimhe sin agus an lá roimhe sin arís tirim geal grianmhar.

Níl duine ar bith ag gearán faoin aimsir. A mhalairt atá fíor. Is maith le gach duine an aimsir mhaith. Tá daoine ag déanamh bolg le grian. Tá daoine ina luí agus iad ag déanamh bolg le grian. Tá siad ag adhradh na gréine. Tá siad ag baint suilt as an ghrian. Tá a gcuid éadaí caite díobh. Tá fir, mná agus páistí ag súgradh faoin ghrian. Is radharc aoibhinn é. Is maith le gach aon duine an ghrian. Is mian le gach aon duine an solas geal. Is maith le gach aon duine é bheith tirim geal grianmhar.

Ach...ba cheart go mbeadh sé fuar fliuch. Ba cheart go mbeadh braonta fearthainne ag titim anuas orainn. Ba cheart go mbeadh deora troma fearthainne ag titim anuas ar na sráideanna, ar na carranna, ar na lochanna, ar na crainn, ar na daoine. Ach níl aon fhearthainn ag titim. Níl braonta troma fearthainne ag titim ar chor ar bith. Tá sé ina thuradh. Tá an lá inniu geal tirim grianmhar. Agus sin í mo chuidse ar son an lá inniu! Hé! Go dté tú slán!

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 1'